Fiachra Mac Gabhann ar Shlí na Fírinne

Fiachra Mac Gabhann
Fiachra Mac Gabhann

Údar mór bróin ag Fondúireacht Bhéaloideas Éireann go bhfuil Fiachra Mac Gabhann ar shlí na fírinne. Bhí sé páirteach i mbunú na Fondúireachta agus thug tacaíocht mhór di. Thuig sé go raibh ról lárnach ag an traidisiún agus nár mhór aitheantas a thabhairt dá réir. Bhí sé gníomhach i gcur chun cinn fhís agus aidhmeanna na Fondúireachta. Ba phribhléid agus pléisiúr againn sa bhFondúireacht a bheith ag plé leis. Fear feasa a bhí ann.

Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.

Uimhir 14 Sráid Henrietta

Thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar 14 Sráid Henrietta ar an 15 Meán Fómhair agus cuireadh ar an eolas é faoi Thionscadal an Mhúsaeim Tionóntán.

Repro Free: Thursday 15th September 2016. President of Ireland Michael D. Higgins visited Dublin City Council's Tenement Museum Dublin Project, 14 Henrietta Street. Pictured is peter Brannigan former resident born in the basement of 14 Henrietta Street in 1939 with President of Ireland Michael D. Higgins. Picture Jason Clarke

Déardaoin, an 15 Meán Fómhair 2016. Thug Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn cuairt ar Thionscadal an Mhúsaeim Tionóntán de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, 14 Sráid Henrietta. Sa phictiúr seo tá Peter Brannigan a chónaíodh anseo agus a rugadh in íoslach 14 Sráid Henrietta in 1939 le hUachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn. Pictiúr: Jason Clarke

Repro Free: Thursday 15th September 2016. President of Ireland Michael D. Higgins payed a visit to Dublin City Council's Tenement Museum Dublin Project, 14 Henrietta Street. Picture Jason Clarke

Déardaoin, an 15 Meán Fómhair 2016. Thug Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn cuairt ar Thionscadal an Mhúsaeim Tionóntán de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, 14 Sráid Henrietta. Pictiúr: Jason Clarke

Repro Free: Thursday 15th September 2016. President of Ireland Michael D. Higgins payed a visit to Dublin City Council's Tenement Museum Dublin Project, 14 Henrietta Street. Picture Jason Clarke

Déardaoin, an 15 Meán Fómhair 2016. Thug Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn cuairt ar Thionscadal an Mhúsaeim Tionóntán de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, 14 Sráid Henrietta. Pictiúr: Jason Clarke

 

20160915_132914_resized

An Dr Brian Hanley agus Kelly Fitzgerald,  Fondúireacht Bhéaloideas Éireann, ceannairí i stairsheanchas a bhailiú don Mhúsaem Tionóntán.

CGB 2016

Tugtar fógra leis seo go dtionólfar Cruinniú Ginearálta Bliantúil Fhondúireacht Bhéaloideas Éireann

Déardaoin, 22ú Meán Fómhair ag 11.30 a.m.
Óstán St Helen’s Radisson,
Bóthar Stigh Lorgan, An Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath

Mar chuid den chruinniú déanfaidh Charles Duggan, Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath togra 14 Sráid Henrietta a chur i láthair.

Beidh lón ar fáil i ndiaidh an chruinnithe